Jump to content

GAA

Dublin Airport Authority

Cultúr agus Teanga

Cuireann Naomh Mearnóg béim an-mhór ar imeachtai cultúrtha agus teanga agus mar chuid de seo, glacann an club páirt i Scór Sóisir agus i Scór Sinsir gach bliain.

Bíonn seisiún tradisiúnta gach Luan sa chlub ag 9.30 agus bíonn ceoltóirí agus amhránaithe, idir bhaill den chlub agus cuairteorí, le cloisint.

Bunaíodh Banna Cheoil Chlann Mhearnóg i 2012. Tá an banna seo tar éis páirt a ghlacadh i bhFéile Átha Cliath le trí bliana anuas agus d’éirigh leo dul chomh fada le Fleadh Laighean gach bliain ó shin. I Mí Iúil, beidh siad arís ag glacadh páirte i bhFéile Fleadh Laighean

I Meán Fómhair 2013, bunaíodh CCÉ Port Mearnóg, Craobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, sa chlub. Gach Luain idir 5.30 and 8.30, tagann páistí agus daoine fásta, chuig ranganna ceoil a bhíonn sa chlub. Faoi láthair tá ranganna i mbainseó, fidil, bosca ceoil, concertín, bodhrán, feadóg mhór, agus feadóg stáin ar fáil. Freastlaíonn breis is 70, idir óg is aosta, ar na ranganna seo.

Le forbairt a dhéanamh ar na ranganna, tá Campa Samhraidh do pháistí (30ú Meithimh go 4ú Iúil) agus ceardlann do dhaoine fásta (3ú augus 4ú Iúil) á reachtail sa chlub. Ritear céilithe gach 3ú Aoine den mhí.

Anuas ar na himeachtaí seo, tá sé i gceist san Fhómhar, imeachtaí a reachtáil a chabhróidh leforbairt na Gaeilge sa chlub. Beidh níos mó eolais ar fáil faoi seo níos déanaí sa bhliain.

Teangmháil

Pat Monaghan
087 2857655

Neasa Ní Laoire
087 9793076

Naomh Mearnóg musicians playing in Croke Park